Skip to main content

Cnuaschruinnithe Droichead: Eolas agus Córas Áirithinte
Droichead Cluster Meetings: Information and Booking System

​Cnuaschruinniú 1:
  • Cnuaschruinniú 1:Tá Cnuaschruinniú 1 ar fáil trí Ghaeilge de réir Féilire do Cnuaschruinnithe 2023.2024 .    
  • Ní mór do MNCanna iarratas a dhéanamh ar Dhroichead tríd an tairseach ‘Mo Chlárúchán’ ar teachingcouncil.ie agus ríomhphost deimhniúcháin a fháil ón gComhairle Mhúinteoireachta sula gcláróidh siad do Chnuaschruinniú 1 (CC 1). Ní bhfaighidh MNCanna a fhreastalaíonn ar chnuaschruinnithe gan ríomhphost deimhniúcháin Teastas Críochnaithe.
  • Ní mór do MNCanna freastal ar chnuaschruinniú amháin (a bhaineann lena gconair chlárúcháin i.e, bunscoil nó iar-bhunscoil) in aghaidh an téarma, in ord seicheamhach, ar feadh an phróisis Droichead acu.                                                          
  • CM 1 (Béarla): Caithfidh na MNCanna ar fad  clarú anseo ar dtús agus ansin CM 1 a chur in áirithe in Ionad Tacaíochta Oideachais dá rogha féin.
  • Tábhachtach: Nuair a chuireann tú Cnuaschruinniú 1 in áirithe ar shuíomh do rogha Ionad Tacaíochta Oideachais, úsáid an seoladh ríomhphost céanna lena bhfuil tú cláraithe le suíomh gréasáin Oide Droichead le do thoil, ionas gur féidir leat do theastas críochnaithe a fháil. 
Cnuaschruinniú Droichead 2 agus 3:

Cnuaschruinniú 2 Trí Gaeilge

Tabhair faoi deara go mbeidh Cnuaschruinniú 2 ar fáil i nGaeilge, de réir Fhéilire Cnuaschruinnithe Droichead. Más mian leat freastal ar Chnuaschruinniú 2 (CC 2), téigh chuig an tseachtain ábhartha ar an liosta thíos chun clárú.

Cnuaschruinniú 2

Tá na cnuaschruinnithe riachtanach do MNCanna atá ag gabháil don phróiseas Droichead agus cuirtear ar fáil iad don chohórt seo amháin.  

Le linn Chnuaschruinniú 2, glacann na MNCanna páirt i gcleachtas machnamhach agus i bplé faoina dturas leanúnach Droichead, agus roinneann siad léargais agus eispéiris foghlama luachmhara lena bpiaraí. 

I measc na noideolaíochtaí a ndéantar iniúchadh orthu tá modheolaíochtaí éifeachtacha agus straitéisí cuí le haghaidh bainistíocht ranga, bainistíocht iompraíochta agus idirdhealaithe.  

Tabhair faoi deara go gcaithfidh Cnuaschruinniú 1 a bheith críochnaithe ag na MNCanna sula bhfreastalóidh siad ar chnuaschruinnithe eile. 

Cnuaschruinniú 3

Is riachtanas iad cnuaschruinnithe do MNCnna atá ag gabháil do phróiseas Droichead agus is don chohórt múinteoirí seo amháin a thairgtear iad.

Déantar iniúchadh i gCnuaschruinniú 3 (CC 3) ar choincheap na foghlama ar feadh an tsaoil de réir mar a théann MNCnna ar aghaidh ó Droichead go Cosán. Cuireann sé fóram ar fáil freisin do MNCnna chun straitéisí agus leideanna a úsáideann siad a roinnt chun tacú lena bhfolláine féin agus cothromaíocht inbhuanaithe oibre is saoil a choinneáil.

Tabhair do d’aire le do thoil nach mór do MNCnna Cnuaschruinniú 1 agus Cnuaschruinniú 2 a bheith déanta acu sula bhfreastalóidh siad ar Chnuaschruinniú 3.

 

  • CM 2 agus CM 3: ​Beidh dátaí agus amanna sonracha CManna ar líne ar fáil thíos i dTéarmaí 2 agus 3.​ 
Cluster Meeting 1:

  • Please note that Cluster Meeting 1 (Cnuaschruinniú 1) is offered in Irish, as per the Droichead Cluster Meeting Calendar.
  • NQTs must apply for Droichead via the ‘My Registration’ portal on www.teachingcouncil.ie and receive a confirmation email from the Teaching Council prior to registering for Cluster Meeting 1 (CM 1). NQTs who attend a cluster meeting without a confirmation email will not receive a Certificate of Completion. 
  • NQTs are required to attend one cluster meeting (specific to their route of registration i.e. primary or post-primary) per term in sequential order for the duration of their Droichead process. 
  • CM 1: All NQTs must first register here then book CM 1 in an Education Support Centre of their choice.
  • Important: When booking your Cluster Meeting 1 on the Education Support Centre website of your choice, please use the same email address that you have registered on the Oide Droichead website with, so that you can receive your certificate of completion. 
Cluster Meetings 2 and 3:

Please note that the Cluster Meeting 2 (Cnuaschruinniú 2) is offered in Irish, as per the Droichead Cluster Meeting Calendar . Should you wish to attend Cnuaschruinniú 2 (CC 2), please navigate to the relevant week on the list below to register.

Cluster Meeting 2

Cluster meetings are a requirement for NQTs engaging in the Droichead process and are offered to this cohort of teachers only.

During Cluster Meeting 2, NQTs engage in reflective practice and discussions about their ongoing Droichead journey, sharing valuable insights and learning experiences with their peers.

Effective methodologies and appropriate strategies for classroom management, behaviour management and differentiation are among some of the pedagogies explored.

Please note NQTs must have completed Cluster Meeting 1 before attending other cluster meetings.

Cluster Meeting 3 

Cluster meetings are a requirement for NQTs engaging in the Droichead process and are offered to this cohort of teachers only. 

Cluster Meeting 3 explores the concept of life-long learning as NQTs progress from Droichead to Cosán. It also provides a forum for NQTs to share strategies and tips they use to support their own wellbeing and maintain a sustainable work-life balance. 

Please note NQTs must have completed Cluster Meeting 1 and Cluster Meeting 2 before attending Cluster Meeting 3.  

CM 2 and CM 3: Specific dates and times of online CMs will be available below in Terms 2 and 3. 

Céim 1. Roghnaigh Bealach Clárúcháin:
Step 1. Select Registration Route:

primary

Bunscoil

Primary
post primary

Iar-bhunscoil

Post Primary

Breis eolais maidir le Droichead | More information about Droichead

Nuashonrú MNC Oide

Is é Droichead an próiseas nua ionduchtaithe comhtháite do mhúinteoirí agus tá sé ar fáil do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile araon.

Tá na próisis thraidisiúnta Promhaidh, Fostaíocht Iarcháilíochta (PQE) agus an Clár Ceardlann Ionduchtúcháin tugtha chun críche nó á gcur i gcrích de réir a chéile.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gurb é Droichead an t-aon bhealach ionduchtaithe do gach múinteoir bunscoile agus iar-bhunscoile atá cláraithe ón 1 Meitheamh 2020.

  • Ba chóir do mhúinteoirí a dteastaíonn eolas uathu ar phróiseas Droichead cliceáil anseo.
  • Ba chóir do mhúinteoirí a dteastaíonn eolas uathu ar Cheardlanna Ionduchtúcháin cliceáil anseo.
  • Ba chóir do mhúinteoirí a dteastaíonn eolas uathu ar Thacaíocht Scoile cliceáil anseo.
  • Ba chóir do mhúinteoirí a dteastaíonn sonraí teagmhála foirne OIDE uathu cliceáil anseo.

Le haghaidh ceisteanna a bhaineann leis an bpróiseas traidisiúnta, seol ríomhphost chuig This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Beidh Cnuaschruinnithe ar fáil de réir an Fhéilire Cnuaschruinnithe anseo. Ba cheart é seo a léamh in éineacht le ‘Cnuaschruinnithe: Faisnéis Tábhachtach agus Prótacail Tinrimh’ anseo ina bhfuil nasc chun clárú.

Ní mór do MNCanna cur isteach ar Droichead trí www.teachingcouncil.ie  agus ríomhphost deimhnithe a fháil ón gComhairle Mhúinteoireachta roimh chlárú do Chnuaschruinniú 1.


Cnuaschruinniú Droichead 2023-2024

Cnuaschruinniú Droichead do MNCnna

Ceanglaítear ar Mhúinteoirí Nuacháilithe (MNCnna) freastal ar suas le trí chnuaschruinniú éagsúla le linn a bpróiseas Droichead. Is fóram é gach cnuaschruinniú inar féidir le MNCnna plé a dhéanamh ar phróiseas Droichead agus ar chleachtas gairmiúil agus soiléiriú a lorg ina leith. Spreagtar MNCnna chun ceisteanna a chur, treoir a lorg, machnamh a dhéanamh ar dhúshláin ar leith agus a gcuid éachtaí, smaointe agus eispéireas a roinnt. Is Comhaltaí Ionduchtúcháin Droichead a éascaíonn na cnuaschruinnithe, is daoine iad a bhfuil taithí acu agus cruthaíonn siad bealaí do MNCnna chun teacht ar thacaíocht ghairmiúil agus phearsanta araon. Tógann an cur chuige foghlama comhroinnte seo caidreamh ghairmiúil, muinín agus inniúlacht. Ní mór do MNCnna a gcuid riachtanais iomlána maidir le cnuaschruinnithe a chur i gcrích de réir Fhéilire Cnuaschruinnithe Droichead 2023-2024.

 Riachtanais Cnuaschruinnithe

Ní mór do MNCnna cnuaschruinniú éagsúil amháin (a bhaineann go sonrach lena n-earnáil, bunscolaíocht nó iar-bhunscolaíocht) a dhéanamh in aghaidh an téarma in ord seicheamhach ar feadh ré a bpróiseas Droichead. Ní mór do MNCnna Cnuaschruinniú 1 (CC 1) a dhéanamh sula nglacfaidh siad páirt i gCnuaschruinniú 2 (CC 2) agus/nó i gCnuaschruinniú 3 (CC 3). Níor cheart do MNCnna a bhFoirm D ar líne a chur isteach go dtí go mbeidh gach gné dá bpróiseas Droichead, lena n-áirítear a riachtanais iomlána maidir le cnuaschruinnithe, comhlíonta. Má fhaightear Foirm D sa chás nach gcomhlíontar na riachtanais uile a bhaineann le cnuaschruinniú, ní dhéanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta í a phróiseáil.

Beidh Cnuaschruinnithe ar fáil de réir Fhéilire na gCnuaschruinnithe.

 

Mar atá leagtha amach sa cháipéis Chnuascruinnithe: Eolas Tábhachtach agus Prótacail Tinrimh, osclófar clárúcháin an tseachtain roimh na himeachtaí. 

 

Dátaí Tábhachtacha 

Clárúchán do Cluster Meeting 2 agus do Chnuaschruinniú 2 Téarma 2 2023-2024

Osclófar clárúchán do Dhátaí agus Amanna Chnuaschruinnithe 2 ar leith do Mhúinteoirí Nuacháilithe (MNCnna) ar an 3 Eanáir ag 8.30 r.n. 

Cuirfear tús le himeachtaí Chnuaschruinniú 2 an tseachtain dar tús an 15 Eanáir de réir Fhéilire Cnuaschruinnithe Droichead 2023-2024 (anseo).   

Cuirfear tús le himeachtaí Chnuaschruinniú 3 an tseachtain dar tús an 22 Aibreán de réir Fhéilire Cnuaschruinnithe Droichead 2023-2024 (anseo).

Ba chóir do MNCnna an CC 2 ar mian leo freastal air a roghnú agus a chur in áirithe (trí Zoom).

Tabhair do d’aire go gcuirtear Chnuaschruinniú 2 ar fáil i nGaeilge freisin. De réir Fhéilire Cnuaschruinnithe Droichead, éascófar é ar líne i rith na seachtaine dar tús an 15 Aibreán. Más mian leat freastal ar Chnuaschruinniú 2 (CC 2), téigh chuig seachtain an 15 Aibreán ar an liosta thíos chun clárú.

Féadfaidh tú a bheith cinnte go mbeidh soláthar leordhóthanach cnuaschruinnithe ann chun freastal ar an éileamh i dTéarma 2 agus i dTéarma 3.

Cnuaschruinniú 1(CC 1)

Cnuaschruinniú 1 Dátaí agus Amanna do Mhúinteoirí Nuacháilithe (MNCanna)

Éascófar CC 1 duine le duine in ionaid tacaíochta oideachais áitiúla (ITOnna). Ní fhéadfaidh CC 1 a bheith ar fáil gach seachtain i ngach ITO. I gcomhréir le Féilire Cnuaschruinnithe Droichead 2023-2024, beidh dátaí agus amanna d'imeachtaí sonracha CC 1 ar shuíomh gréasáin gach ITO. Ba chóir do MNCnna an CC 1 ar mian leo freastal air a roghnú agus a chur in áirithe. Féadfaidh tú a bheith cinnte go mbeidh soláthar leordhóthanach cnuaschruinnithe ann chun freastal ar an éileamh gach téarma.

Teastas Cúrsa a Phriontáil

Is féidir le MNCanna a ghlac páirt iomlán sa CC 2 uair an chloig a nDeimhniú Críochnaithe a rochtain óna bpróifíl úsáideora laistigh de 10 lá oibre ó fhreastal ar an gcnuaschruinniú. Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil an rogha seo ar fáil ach amháin tar éis do fhreastal ar do chnuaschruinniú a bheith deimhnithe ag Ionad Tacaíochta Oideachais Dhún na nGall.

Lean na céimeanna seo le do thoil:

  1. Logáil isteach i do chuntas le do r-phost agus do phasfhocal.
  2. Seiceáil go bhfuil do shonraí i gceart agus brúigh nuashonraigh.
  3. Ar thaobh na láimhe deise den scáileán cliceáil ar an roghchlár.
  4. Cliceáil ar an roghchlár úsáideora agus cliceáil ar phriontáil teastas an chúrsa.
  5. Déanfar sonraí freastail an chúrsa a líonadh. Ar thaobh na láimhe deise den scáileán faoi Imeacht FGL cliceáil ar an bhfocal Clóigh.
  6. Ginfear PDF de do theastas.
NQT Update

Droichead is the integrated induction process for teachers and is available to both primary and post-primary teachers.
The traditional processes of Probation, Post-qualification Employment (PQE) and the Induction Workshop Programme either have concluded or are being phased out.

It is important to note that Droichead is the only route of induction for all primary and post-primary teachers registered from 1 June 2020.

  • Teachers requiring information on the Droichead process should click here.
  • Teachers requiring information on Induction Workshops should click here.
  • Teachers requiring information on School Support should click here.
  • Teachers requiring Oide Droichead Induction  team contact details should click here.

For queries relating to the traditional process, please email This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Cluster Meetings will be available as per the Cluster Meeting Calendar here. This should be read in tandem with ‘Cluster Meetings: Important Information and Attendance Protocols’ here which includes a link to register.

NQTs must apply for Droichead via www.teachingcouncil.ie and receive a confirmation email from the Teaching Council before registering for Cluster Meeting 1.   

Droichead Cluster Meeting 2023.2024

Droichead Cluster Meeting for NQTs

Newly Qualified Teachers (NQTs) are required to attend up to three different cluster meetings for the duration of their Droichead process. Each cluster meeting is a forum where NQTs can discuss and seek clarification about the Droichead process and professional practice. NQTs are encouraged to ask questions, seek guidance, reflect upon particular challenges and share successes, ideas and experiences. Cluster meetings are facilitated by experienced Droichead Induction Associates and provide avenues of both professional and personal support to NQTs. This shared-learning approach builds professional relationships, confidence and competence. NQTs must complete their full cluster meeting requirements in line with the Droichead Cluster Meeting Calendar 2023.2024.

Cluster Meeting Requirements

NQTs must complete one different cluster meeting (specific to their sector, primary or post-primary) per term in sequential order for the duration of their Droichead process. NQTs must complete Cluster Meeting 1 (CM 1) before engaging in either Cluster Meeting 2 (CM 2) and/or Cluster Meeting 3 (CM 3). NQTs should not submit their online Form D until all aspects of their Droichead process, including their full cluster meeting requirements, have been fulfilled. If a Form D is received where all the cluster meeting requirements are not met, it will not be processed by the Teaching Council.




Cluster Meetings will be available as per the  Cluster Meeting Calendar. As outlined in the Cluster Meetings: Important Information and Attendance Protocols document, registration will open the week before the events.

Important Dates

Registration for Cluster Meeting 2 and Cnuaschruinniú 2 Term 2 2023.2024 

Registration for specific Cluster Meeting 2 Dates and Times for Newly Qualified Teachers (NQTs) will open on January 3rd at 8.30am.   

Cluster Meeting 2 events will commence the week beginning January 15th in line with the Droichead Cluster Meeting Calendar 2023.2024 (here).   

Cluster Meeting 3 events will commence the week beginning April 22nd in line with the Droichead Cluster Meeting Calendar 2023.2024 (here).

NQTs should select and book the CM 2 that they wish to attend (via Zoom).   

Please note that Cluster Meeting 2 is also offered in Irish - Cnuaschruinniú 2. As per the Droichead Cluster Meeting Calendar, it will be facilitated online during the week commencing 15th April. Should you wish to attend Cnuaschruinniú 2 (CC 2), please navigate to the week of the 15th April on the list below to register.  

  Please be assured that there will be adequate provision of cluster meetings to meet the demand in Term 2 and Term 3. 

Cluster Meeting 1(CM 1)

Cluster Meeting 1 Dates and Times for Newly Qualified Teachers (NQTs)

CM 1 will be facilitated face-to-face in local education support centres (ESCs). CM 1 may not be available every week in each ESC. In line with the Droichead Cluster Meeting Calendar 2023.2024, dates and times for specific CM 1 events will be on each ESC's website. NQTs should select and book the CM 1 that they wish to attend. Please be assured that there will be adequate provision of cluster meetings to meet the demand each term.

Printing Course Certificate

NQTs who have engaged fully in the 2-hour CM can access their Certificate of Completion from their user profile within 10 working days of attendance at the meeting.  Please note this option is only available after your cluster meeting attendance has been verified by Donegal Education Support Centre.  

Please follow these steps:

  1. Log into your account with your e-mail and password.
  2. Check your details are correct and press update.
  3. On the right-hand side of the screen click on menu.
  4. Click on user menu and click on print course certificate.
  5. Course attendance details will be populated.  To the right of the screen under CPD Event click on the word print.
  6. A PDF of your certificate will be generated.